Stair Bunaíodh Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo. i 1986 nuair a tháinig grúpa daoine ón gceantar le chéile ar mhaithe le seirbhísí airgeadais níos fearr a sholáthar do phobal Chois Fharraige. ‘Sé mana an Chomhair Chreidmheasa ná: “ Níl muid ann le haghaidh Brabúis, ná mar Charthanacht ach le haghaidh Seirbhís a chur ar fáil don phobal ”. I dtús ama ba ó cheantar na bhForbach siar chomh fada le Casla ceantar feidhme an Chomhair Chreidmheasa. Bhítí ag brath beagnach go huile agus go hiomlán ar obair dheonach le seirbhís cúpla uair a chloig a chur ar fáil don phobal. Tháinig athrú suntasach ar seo i 1994 nuair a fuair an Comhar Creidmheasa oifig buan ar Pháirc Ghnó an Chnoic. I 1997, i ndiaidh éileamh ón bpobal leathnaíodh ceantar feidhme an Chomhair Chreidmheasa siar chomh fada leis an gCeathrú Rua agus Ceantar na hOileán agus ó thuaidh chomh fada le Camus. Is féidir le aon duine atá ina gcónaí nó ag obair sa cheantar seo ballraíocht a ghlacadh sa Chomhar Creidmheasa. I mí Meán Fómhair 2011 bhí: os cionn 8,500 ball cláraithe €32 milliún sábháilte ag na baill €10 milliún amuigh ar iasacht luach de €36 milliún ar an gComhar Creidmheasa Ar ndóigh níor chóir dearmad a dhéanamh gur fostóir tábhacht é an Comhar Creidmheasa sa phobal le naonúr fostaithe go lánaimseartha / páirtaimseartha. Chomh maith leis seo bíonn isteach agus amach le 30 duine ag obair ar na coistí deonacha atá mar bhunchloch don Chomhar Creidmheasa. Fáilteofar i gcónaí roimh bhaill ar spéis leo a bheith páirteach sna coist deonacha. Ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh linn. |