Coigilt/Sábháilt Is iad na scaireanna bunchloch an Chomhair Chreidmheasa. Tá sé mar aidhm ag an gComhar Creidmheasa daoine a spreagadh chun airgead a shábháilt go rialta. Gan na scaireanna seo ní bheadh an Comhar Creidmheasa inann iasachtaí a thabhairt amach ar ráta úis réasúnach. Ar ndóigh is iad an pobal áitiúil féin a fhaigheann na hiasachtaí seo, rud a théann chun tairbhe an phobail i gcoitinne: Buntáistí le bheith ag sábháilt sa Chomhar Creidmheasa: Seirbhís áitiúil á chur ar fáil Ráta iomaíoch díbhinne ar do shábháilt Ní ghearrtar aon chostas ná táille Tá do chuid sábháilt clúdaithe faoi scéim árachais saoil, saor in aisce Is féidir linn DIRT a bhaint go díreach as do dhíbhinn sa chás go dteastaíonn sin uait |