Iasachtaí Tá iasachtaí ar chostas réasúnach ar cheann de na príomh sheirbhísí a chuireann an Comhar Creidmheasa ar fáil. Nuair a bhíonn baill ag sábháilt go rialta is féidir leo iarratas a dhéanamh ar iasacht ón gComhar Creidmheasa. Tá na buntáistí seo a leanas ag baint le hiasacht a fháil sa Chomhar Creidmheasa: Gearrtar ráta iomaíoch úis ar fhuílleach na hiasachta. Tá an ráta úis i láthair na huaire ag 9% (9.4% Apr). Ní ghearrtar aon táille ná costas eile. Is féidir aisíoc a dhéanamh thar thréimhse chomh fada le 15 bhliana ag brath ar an sórt iasacht atá i gceist. Tá clúdach Árachais saor in aisce ar d'iasacht. Is féidir leat níos mó ná an méid a bhíonn socraithe a íoc ar ais gan pionós ar bith. Is féidir leat aisíoc a dhéanamh tríd ordú seasta bainc. Ceadaítear d'iarratas go scioptha. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar iasacht ar an idirlíon ach an “Fhoirm” thíos a líonadh. Más é seo do chéad iarratas ar iasacht ní mór duit a theacht chun na hoifige le d'iarratas a dhéanamh.  |