Ballraíocht Is fiú go mór duit a bheith i do bhall sa Chomhar Creidmheasa mar: Is leis na baill féin an Comhar Creidmheasa Tá ráta iomaíoch úis ar iasachtaí, bíodh siad beag nó mór Níl costas ná táille á ghearradh ar na seirbhísí Tá ráta tarraingteach díbhinne ar do chuid sábhála Tá clúdach Árachais saor in aisce ar d'iasachtaí agus do chuid sábhála Ba chóir duit cruthúnas aitheantais a thabhairt leat agus tú ag clárú i gcóir ballraíochta – m.sh. Pas, Ceadúnas Tiomána, Billí Tí I d'ainm féin, P60, C2 nó a leithéid. |